Muicín

A white girl with short brown hair and a fringe and large cladagh earrings holding a fish up that covers half her face

Is é Muicín an chéad léiriú Gaeilge ó LemonSoap Productions, atá ag teacht ar an stáitse sa Cube ar an 24ú-27ú Feabhra 2026. Is aistriúchán le HK Ní Shioradáin é Muicín ar an dráma rathúil Piglet le hUltan Pringle ó 2023. 

Insíonn Muicín scéal Mercy Munroe. Tá a saol tar éis titim as a chéile. Caitheann sí a cuid ama anois mar fhreastalaí i mbialann mhearbhia in Uíbh Fhailí, iomlán gafa leis an díoltas agus a hiar-chailín cara. Go tobann, tagann a sean-dlúthchairde, a thréig í fadó, isteach sa bhialann ag ordú sceallóga. Le greim docht ar an bpanna sceallóg, beartaíonn Mercy Munroe go bhfuil sé in am di a saol a thógáil ar ais arís. 

Muicín, is the first Irish-language production from LemonSoap Productions, premiering in the Cube at Project Arts Centre on 24-27th February 2026. Muicín is HK Ní Shioradáin’s Irish translation of Ultan Pringle’s acclaimed 2023 play Piglet. 

Presented as Gaeilge with English subtitles, Muicín follows Mercy Munroe who, after a breakdown in college, now spends her days working in a chip shop in Offaly, consumed by an unhealthy obsession with revenge and her ex-girlfriend. Until one day when her two old best friends walk into the chip shop. Clutching a piece of battered haddock tightly in one hand and a salt shaker in the other, Mercy vows there and then that the time is right to try and take her life back.